Donegal Daily
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
Thursday 23°CFriday 26°C

Donegal Daily Donegal Daily

sponsor banner
sponsor banner
  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Business
  • Lifestyle
  • Travel
  • Politics
  • Features
  • Donegal County Council News
News

NA CHÉAD FHÓGRAÍ FOILSITHE AG AIRE STÁIT NA GAELTACHTA I DTACA LEIS NA LIMISTÉIR PLEANÁLA TEANGA GHAELTACHTA

written by John2 December 21, 2013
FacebookTweetLinkedInPrint

ranafastD’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., inniu go bhfuil na chéad fhógraí foilsithe aige i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar atá:

Ciarraí Thiar;

Cois Fharraige; agus

Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir.

“Tá lúcháir orm a bheith in ann a fhógairt go bhfuil an chéad trí fhógra foilsithe agam faoi alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh sna limistéir seo,” a dúirt an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich.

Tabharfar tréimhse suas le 2 mhí ón 16 Eanáir 2014 d’eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir sin. Tá sé beartaithe ag an Roinn na treoirlínte pleanála teanga faoin Acht a fhoilsiú ar an lá céanna.

Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le faomhadh i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe.

Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.

“Agus tús oifigiúil curtha anois leis an phróiseas pleanála teanga i 3 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ó thuaidh, ó dheas agus thiar, táim ag súil go mbeidh 10 bhfógra eile foilsithe i gcás 10 limistéar eile an bhliain seo chugainn agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin,” a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich.

 

NA CHÉAD FHÓGRAÍ FOILSITHE AG AIRE STÁIT NA GAELTACHTA I DTACA LEIS NA LIMISTÉIR PLEANÁLA TEANGA GHAELTACHTA was last modified: December 21st, 2013 by John2
FacebookTweetLinkedInPrint

Tags:
Anagaire agus Loch an Iúir.Gaoth Dobhairlanguage planRann na Feirste
John2

LEAVE A COMMENT

You may also like

Plans for 20 new apartments in Letterkenny

28 minutes ago

Cope welcomes over €53k for projects on...

34 minutes ago

National: Lord Henry Mount Charles of Slane...

1 hour ago

Third night of rioting in Derry as...

2 hours ago

Drivers urged to heed Rossnowlagh beach signs

3 hours ago

National: Man dies in house fire in...

4 hours ago

Popular Donegal festival ‘on a knife-edge’ as...

4 hours ago

Woman who illegally signed for €3,232 in...

5 hours ago

Sensational Jersey Boys Tribute coming to Mount...

17 hours ago

Gallagher greats in the spotlight in TG4...

17 hours ago
Advertisement
Advertisement

Donegal County Council

Facebook
Donegal County Council
Advertisement
Advertisement
Donegal Daily Jobs

Read More

  • News
  • Sport
  • Courts
  • Jobs
  • Sales & Services
  • Obituaries
  • Features
  • Business
  • Politics
  • Council News

Information

  • Contact Us
  • About
  • Advertise WIth Us
  • Privacy Policy
  • Disclaimer
  • Terms & Conditions

Our Sites

Donegal Woman
Donegal Woman
Donegal Daily

© 2025 Donegal Daily. All rights reserved.
Website by owenod


Back To Top.

We use cookies to ensure that we give you the best experience on our website. If you continue to use this site we will assume that you are happy with it.OkPrivacy policy