Beidh deis mhaith do pháistí a thaispeáint as a gcuid Gaeilge ar chomórtas i Leitir Ceanainn an mhí seo chugainn.
Tá Réalt Uladh 2011 á reachtáil in Institiúid Teicneolaíochta sa bhaile ar an 19ú Feabhra.
Dúirt Caitlín Conluain, Stiúrthóir Réalt Uladh: “’Sé aidhm Réalt Uladh nó deis a thabhairt do pháistí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha; muinín a thabhairt daofa í a labhairt; líofacht a fháil inár dteanga náisiúnta agus dul i ngleic le gnéithe áirithe de chultúr na nGael.
“Tréaslaím le ’achan duine a dhéanann iarracht ár dteanga náisiúnta a labhairt. Ní bheidh baol don Ghaeilge ar oileán na hÉireann má choinneann muid sin suas agus ar ndóigh, an dóigh is fearr leis an teanga agus an cultúr a thabhairt go dtí an chéad ghlúin eile nó í a labhairt agus í a fhoghlaim.
“Tá sé tabhachta go bhfuil muid ag cur lenár dteanga agus ag cur lenár gcultúr, ár gceol agus ár ndúchas agus go bhfuil muid a cheiliúradh, a chaomhnú, agus a chur chun cinn.”
Is iad na rannóga sa chomórtas ná: Aithriseoireacht, Léitheoireacht, Léiriú, Scríbhneoireacht, Amhránaíocht.
Tuilleadh eolais: www.realtuladh.com